Bhí Iósua sean agus anonn sna blianta um an dtaca seo. Dúirt an Tiarna leis: “Tá an aois agat anois agus tá tú anonn sna blianta, ach tá a lán den tír fós le gabháil.
“Tabhair an t‑ordú seo leanas do chlann Iosrael: ‘Nuair a rachaidh sibh isteach i dtír Chanán, seo iad na críocha a bheidh mar oidhreacht agaibh; seo é tír Chanán á rianú ag a theorainneacha:
Rachaidh an Tiarna féin, do Dhia, anonn romhat; scriosfaidh sé na náisiúin seo romhat; díbreoidh tú as seilbh iad; rachaidh Iósua chomh maith anonn ar cheann do shlua mar a dúirt an Tiarna.
Féach, choinnigh an Tiarna i mo bheatha mé ón lá úd go dtí seo, de réir mar a gheall sé. Tá cúig bliana agus daichead ann ó thug an Tiarna an gealltanas sin do Mhaois agus Iosrael fós ag taisteal tríd an bhfásach. Seo mé cúig bliana agus ceithre fichid d'aois anois.
Ansin dúirt Iósua le clann Iosrael: “An fada eile an t‑am a chuirfidh sibh amú agus gan dul isteach agus seilbh a thógáil ar an bhfearann a thug an Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, daoibh?