Shín an t‑aingeal a lámh amach ionsar Iarúsailéim lena scrios, ach rinne an Tiarna athsmaoineamh faoin olc seo agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: “Is leor sin! Fóill ar do láimh!” Bhí aingeal an Tiarna le hais urlár buailte Arauná an Iabúsach.
Ansin thionóil an rí Ásá Iúdá go léir, gan eisceacht a dhéanamh d'aon duine. Thógadar chun siúil na clocha agus an t‑adhmad lena raibh Báiseá ag daingniú Rámá, agus leis sin go léir dhaingnigh an rí Ásá Geaba i mBiniáimin, agus Mizpeá.
Tar as an Liobáin, a bhrídeach, tar as an Liobáin isteach. Féach anuas ó mhullach Amáná, ó mhullach Sheinír agus Hearmón, ó fhásach na leon, ó shliabh na liopard.
Maidir liom féin, déanfaidh mé cónaí anseo i Miozpá mar is mé a bheidh freagarthach do na Caildéigh nuair a thiocfaidh siad chugainn; ach, sibhse, cruinnígíse an barr fíniúna, torthaí samhraidh agus ola; líonaigí bhur soithí agus cuirigí fúibh sna bailte is rogha libh.”
Agus mharaigh Ísmeáéil freisin a raibh de Ghiúdaigh a bhí ag an bhfleá, in éineacht leis na Caildéigh a tharla a bheith ansin i Miozpá (fir chogaidh iadsan).
Tá seilbh ag an Amailéiceach ar dhúiche an Neigib; ag an Hiteach an Amórach agus an Iabúsach ar na hardáin, agus ag an gCanánach ar fheorainn na farraige agus na Iordaine.”
“Nuair a sheolfaidh an Tiarna do Dhia thú isteach sa tír ina bhfuil tú ag dul le seilbh a thógáil air, agus a scriosfaidh sé a lán ciníocha romhat, na Hitigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, na Canánaigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, seacht gcine is mó agus is treise ná sibh féin,
Ó Shliabh Hálác a éiríonn i dtreo Shaeír chomh fada le Bál Gád in nGleann na Liobáine faoi scáth Hearmón, ghabh sé na ríthe go léir, threascair iad agus bhásaigh iad.
Thug an Tiarna ar láimh d'Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh.
Ach níor fhéad muintir Iúdá na Iabúsaigh, lucht áitribh Iarúsailéim, a thiomáint amach; maireann na Iabúsaigh, dá réir sin, le muintir Iúdá in Iarúsailéim go dtí an lá inniu féin.
Dúirt Iósua: “Leis seo a bheidh a fhios agaibh go bhfuil Dia beo in bhur measc, agus go dtiomáinfidh sé amach go cinnte na Canánaigh, na Hitigh, na Hivigh, na Pirizigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, agus na Iabúsaigh.
Dúirt clann Iosrael ansin: “Cé acu de threibheanna Iosrael go léir nár tháinig aníos chun an tionóil i láthair an Tiarna?” Óir bhí an mionn sollúnta tugtha acu ag bagairt báis ar aon duine nach dtiocfadh aníos i láthair an Tiarna i Mizpeá.
Ansin chuireadar an cheist: “Cé acu de threibheanna Iosrael nár tháinig i láthair an Tiarna i Mizpeá?” Agus féach! níor tháinig aon duine as Iáibéis Gileád chun an longfoirt don tionól,
cúigear, taoiseach na bhFilistíneach, na Canánaigh go léir, na Síodónaigh, na Hitigh a bhí ag cur fúthu ar Shliabh na Liobáine, ó ardáin Bhál Hearmón go Bealach Hamát.