Chuireadar chun báis de rinn claímh gach dúil bheo inti, agus iad faoin mbang. Níor fágadh duine inti le hanáil na beatha ann agus ansin loisc sé Házór.
agus nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia iad a thabhairt ar láimh duit, cloífidh tú iad. Ní foláir duit iad a chur faoi bhang, agus gan aon chonradh a dhéanamh leo, ná aon trócaire a dhéanamh orthu.
Fuair Iósua an lámh in uachtar ar an gcuma sin ar an tír ar fad - na hardáin, an Neigib, na hísleáin, na fánaí, agus a ríthe go léir; níor fhág sé duine beo, agus chuir sé gach dúil bheo faoin mbang mar a d'ordaigh an Tiarna, Dia Iosrael.
Chuireadar an chathair agus a raibh inti trí thine, seachas an t‑airgead agus an t‑ór agus na gréithe cré-umha agus iarainn. Chuireadar iadsan i gciste theach an Tiarna.