Ina dhiaidh sin, bhris cogaíocht amach arís leis na Filistínigh i nGeizir. Sin é an uair a mharaigh Suibeacai an Huiseátach Suipí, de shliocht na Rafáím. Cloíodh na Filistínigh.
Agus thug an Tiarna Láicís ar láimh d'Iosrael agus ghabhadar í ar an dara lá; d'imríodar faobhar claímh uirthi agus ar gach duine inti mar a rinneadar le Libneá.
Síos léi ansin agus siar go teorainn na nIaflaetach chomh fada le críocha Bhéit Horon íochtaraigh, ansin go Geizir agus go ceann scríbe ag an bhfarraige.