Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 10:24

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a bhíodarsan tugtha amach go Iósua acu, ghair Iósua ar fhir Iosrael go léir agus dúirt le taoisigh na bhfear cogaidh a throid ina theannta: “Druidigí isteach agus cuirigí bhur gcosa ar bhráide na ríthe seo.” Ansin dhruideadar isteach leo agus leag a gcosa ar a mbráide.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Leagaim ar lár iad agus ní éiríonn siad; titeann siad agus bíonn siad faoi mo chosa.

Chuir tú d'iallach ar mo naimhde a gcúl a thabhairt liom; an mhuintir arbh fhuath leo mé, scrios mé iad.

Agus téann siad i laghad agus i laige; de thoisc iomad a n‑olc is a n‑angar.

Salm Dháiví. 1 D'fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa: “Bí i do shuí ar mo dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.”

Tá an Tiarna ina sheasamh ar do dheis; déanfaidh sé smionagar de ríthe lá na feirge.

Chrioslaigh tú le neart mé chun catha, agus threascair tú an dream a bhí i m'éadan.

Satlóidh tú ar an leon is ar an nathair; gabhfaidh tú de chosa sa leon óg is sa dragan.

Cuirfidh mé isteach i lámha lucht do chéasta é, iad sin a deireadh leat: “Luigh fút, agus siúlfaimid sa mhullach ort.” Agus dhéantá cabhsa as do dhroim, mar a bheadh bealach mór ann le haghaidh lucht siúil.

Agus déanfaidh Dia na síochána Sátan a bhrú faoi bhur gcosa gan mhoill. Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh.

Nach méanar duit, a Iosrael! Cé tá mar thú, pobal a d'fhuascail an Tiarna, an té is sciath do dhídine, agus claíomh do bhua. Tiocfaidh do naimhde ag lútáil ort, ach siúlfaidh tusa ar a ndroim.

Agus cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Suigh ar mo láimh dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa”?

Ansin d'ordaigh sé do Ieitir an mac ba shine aige: “Éirigh agus cuir chun báis iad!” Ach níor tharraing an mac a chlaíomh; ní raibh sé de mhisneach aige; ní raibh ann ach ógánach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí