Iósua 10:23An Bíobla Naofa 1981Rinneadar amhlaidh agus thugadar an cúigear rí úd amach as an uaimh chuige .i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicis, agus rí Eaglón. Féach an chaibidil |
Tharla ansin gur insíodh do Adonaízidic rí Iarúsailéim gur ghabh Iósua Háí agus gur chuir sé an chathair faoi bhang, agus gur thug sé an íde chéanna uirthi féin agus ar a rí agus a thug ar Ireachó agus ar a rí; agus go ndearna lucht Ghibeón síocháin le clann Iosrael agus go rabhadar tagtha chun muintearais leo.