Nuair a bhí ár agus eirleach déanta orthu ag Iósua, agus ag saighdiúirí Iosrael agus gan ach iarmhar beag fágtha, theith fuíoll an áir chun a gcathracha daingne.
Ansin dúirt Dáiví le hAibísí: “Is mó is baol dúinn Seaba mac Bhicrí ná Aibseálóm riamh; beir leat lucht cosanta do thiarna agus téigh sa tóir air le heagla go mbainfeadh sé amach cathracha daingne agus éalú uainn.”
Foilsígí é in Iúdá, fógraígí é in Iarúsailéim! Séidigí an stoc faoin tuaith, fógraígí os ard agus abraigí: ‘Cruinnígí! teannaigí leis na bailte daingne!’
Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingne agus faighimis bás iontu, mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn; tugann sé uisce nimhe dúinn le hól, óir pheacaíomar ina aghaidh.
Chuir an Tiarna i raon maidhme iad roimh chlann Iosrael agus rinneadar ár agus eirleach orthu i nGibeón. Chuir an Tiarna tóir orthu ar feadh chonaire Bhéit Horon agus bhí á gciapadh chomh fada le hAzaecá agus Macaedá.
Ná fanaigí féin díomhaoin, ansiúd, áfach; téigí sa tóir ar bhur naimhde; sáraígí iad ina gconair theithe agus ná ligigí isteach ina gcathracha iad, mar tá an Tiarna bhur nDia tar éis iad a thabhairt ar láimh daoibh.”
Ghabh Iósua cathracha na ríthe sin go léir agus a ríthe go léir; d'imir sé faobhar claímh orthu agus iad curtha faoin mbang, faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna.
Thug an Tiarna ar láimh d'Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh.
Nuair a bhí deireadh ag clann Iosrael ag eirleach mhuintir Háí go léir sa mhachaire agus san fhásach mar ar chuireadar i raon madhma iad, agus nach raibh duine díobh nach raibh sínte marbh de rinn claímh, d'fhill clann Iosrael go léir ar Háí agus d'imríodar faobhar claímh uirthi.