Féach! táim taobh leat agus cosnóidh mé thú cibé áit a ngabhfaidh tú agus seolfaidh mé ar ais chun na tíre seo thú, mar ní scarfaidh mé leat nó go ndéanfaidh mé a bhfuil geallta agam duit.”
agus ansin thug sé ordú dá ghiollaí: “Cuirigí cluas oraibh féin! Nuair a bheidh Amnón súgach ón bhfíon, agus go ndéarfaidh mise: ‘Buailigí Amnón,’ maraígí ansin é. Ná bíodh eagla oraibh! Nár thug mé ordú daoibh? Bíodh misneach agaibh agus bígí calma!”
Ansin dúirt Dáiví le Solamh a mhac: “Bí daingean teann agus tabhair faoin obair. Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat mar tá an Tiarna Dia, mo Dhia-sa, le d'ais. Ní theipfidh seisean ort ná ní thréigfidh sé thú nó go mbeidh an saothar go léir atá le déanamh do theach an Tiarna curtha i gcrích!
Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
Anois, seo mar a deir an Tiarna, do Chruthaitheoirse, a Iacóib, agus fear do dhealfa, a Iosrael: “Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; ghlaoigh mé ort i d'ainm, agus is liomsa thú.
Ach dá ainneoin sin uile bíodh misneach agat, a Zarubáibil, a deir an Tiarna, agus agatsa freisin, a Iósua, a mhic Iózádác, a ardsagairt, agus agaibhse, a mhuintir uile na tíre, a deir an Tiarna. I mbun na hoibre libh anois! Óir táimse in bhur dteannta, a deir Tiarna na Slua.
D'fhreagair Peadar agus Eoin iad, áfach: “Fágaimid fúibh féin a mheas,” ar siad, “cé acu is córa dúinn i bhfianaise Dé, rud a dhéanamh oraibhse nó ar Dhia.
Sin é an tír seo tugtha ar láimh daoibh ag an Tiarna bhur nDia; isteach libh, gabhaigí seilbh air mar a d'aithin an Tiarna Dia bhur n‑aithreacha daoibh; ná bíodh eagla oraibh ná easpa misnigh.’
“Nuair a rachaidh tú chun cogaidh in aghaidh do naimhde agus go bhfeicfidh tú capaill agus carbaid agus arm is mó ná d'arm féin, ná bíodh eagla ort rompu; óir tá an Tiarna do Dhia i do theannta, an té a thug amach thú as tír na hÉigipte.
Thug [an Tiarna] treoracha do Iósua mac Nún agus dúirt: “Bíodh neart ionat, agus misneach agat; óir tá tú le clann Iosrael a thabhairt isteach sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, agus beidh mé féin i do theannta.”
“Cruinnigí i mo thimpeall seanóirí bhur dtreibheanna, agus bhur scríobhaithe, d'fhonn go labhróinn na focail seo ina gcluasa agus go nglaofainn neamh agus talamh mar fhinnéithe ina n‑aghaidh.
Aon duine a dhéanfaidh ceannairc in aghaidh ordú uait, agus nach ngéillfidh do do bhriathra, cibé rud a ordaíonn tú, cuirfear chun báis é. Bí teann, sin uile, agus bíodh misneach agat.”
Lean Iósua air: “Ná bíodh eagla ná beaguchtach oraibh; bíodh misneach agaibh agus neart ionaibh mar sin í an íde a thabharfaidh an Tiarna ar na naimhde go léir a throidfidh in bhur n‑aghaidh.”
Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu seo, mar thug mé i do láimh duit iad; ní fhéadfaidh oiread agus duine díobh an fód a sheasamh i do choinne.”
Dúirt an Tiarna le Iósua: “Inniu féin tosóidh mé ar thú a mhóradh i radharc Iosrael go léir d'fhonn go mbeadh a fhios acu go mbeidh mé faratsa faoi mar a bhíos fara Maois.
Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat. Beir leat na fir chogaidh go léir agus suas leat go Háí. Seo é rí Háí agus a mhuintir agus a chathair agus a fhearann curtha faoi do láimh agam.