Aon áit ar a leagfaidh sibh bonn bhur gcoise, beidh sé in bhur seilbh; sínfidh bhur gcríocha ón bhfásach agus ón Liobáin, ón abhainn, ó abhainn an Eofrataes go dtí an Mhuir Thiar.
Ón bhfásach agus ón Liobáin anseo go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes, dúiche na Hiteach go léir chomh fada leis an bhFarraige Mhór laistiar, sin iad na críocha a bheidh agaibh.
Mhionnaigh Maois an lá úd á rá: ‘An talamh ar ar leag tú bonn do choise, bí deimhin de go mbeidh sé ina oidhreacht agat féin agus ag do chlann go brach, óir rinne tú rud ar an Tiarna mo Dhia go beacht.’