Iósua 1:14An Bíobla Naofa 1981Bhur mná, bhur miondaoine, bhur n‑airnéis, fanfaidh siad san fhearann a thug Maois daoibh, taobh thall den Iordáin; ach gach fear in bhur measc a iompraíonn airm, rachaidh siad anonn faoi airm os comhair bhur mbráithre agus cabhróidh siad leo, Féach an chaibidil |
nó go dtugann an Tiarna suaimhneas do bhur mbráithre chomh maith libh féin agus go ngabhfaidh siadsan leis seilbh ar an bhfearann atá an Tiarna bhur nDia a thabhairt dóibh; ansin fillfidh sibh ar bhur bhfearann dílis agus seilbh a ghabháil air, an fearann a thug Maois óglach an Tiarna daoibh lastoir den Iordáin.”