“Cuimhnigí ar ar ordaigh Maois óglach an Tiarna daoibh á rá: ‘Tá áit suaimhnis á sholáthar ag an Tiarna bhur nDia daoibh agus tabharfaidh sé an talamh seo daoibh.’
Bhur mná, bhur miondaoine, bhur n‑airnéis, fanfaidh siad san fhearann a thug Maois daoibh, taobh thall den Iordáin; ach gach fear in bhur measc a iompraíonn airm, rachaidh siad anonn faoi airm os comhair bhur mbráithre agus cabhróidh siad leo,
Thug an Tiarna síocháin dóibh ar gach teorainn faoi mar a mhionnaigh sé dá n‑aithreacha; níor éirigh le hoiread agus namhaid dá gcuid an fód a sheasamh ina n‑aghaidh, mar gur chuir an Tiarna a naimhde go léir faoina mbois.