Dúirt Dia leis ansin: “An ceart duit, dáiríre, bheith chomh feargach sin mar gheall ar an bplanda?” “Is ceart go deimhin,” d'fhreagair Ióna, “is ea agus chomh feargach sin le bás a fháil dá bharr.”
Chuaigh Acháb abhaile agus gruaim agus crá air mar gheall ar fhocail Nábót ó Izréil: “Ní thabharfaidh mé oidhreacht mo shinsear duit.” Luigh sé ar a leaba agus d'iompaigh a aghaidh ó radharc agus dhiúltaigh sé bia a ithe.
Dúirt an Tiarna: “Is trua leatsa an planda seo cé nár chuir tú aon dua ort féin leis agus nach tusa a chuir ag fás é; phéac sé aníos ó fhréamh san aon oíche amháin agus d'fheoigh sé an oíche chéanna.
Nuair a d'éirigh an ghrian, shocraigh Dia go n‑éireodh gaoth loiscneach anoir; rud eile, bhí an ghrian ag doirteadh anuas ar chloigeann Ióna sa chaoi gur tháinig laige air agus gur ghuigh sé go bhfaigheadh sé bás, á rá: “Is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”
Mar an bhuairt a bhíonn de réir thoil Dé, saothraíonn sí an aithrí úd a sheolann daoine ar bhóthar a slánaithe agus ní aon chúis aiféala é sin, ach ní thagann ón mbuairt shaolta ach an bás.