Ansin chuir sé an forógra práinneach seo á chraoladh ar fud Nínivé: “Forógra an rí agus a mhóruaisle: Ná blaiseadh duine ná ainmhí, táin ná tréad aon ní; ná hithidís bia, ná hólaidís uisce.
D'fhógair mé troscadh ansiúd, ansiúd cois abhann Ahavá, d'fhonn go ndéanfaimis sinn féin a umhlú os comhair ar nDé agus go n‑iarrfaimis air go n‑éireodh ár mbóthar linn féin, lenár gclann agus lenár maoin.
Cad é mar a chneadann na beithígh! Tá na sealbháin bó ar mire mar níl féarach ar bith acu; agus fiú amháin na tréada caorach féin tá aithne na héigne faighte acusan chomh maith.