Nuair a chuala rí Nínivé an scéal, d'éirigh sé ina sheasamh óna ríchathaoir, bhain a fhallaing ríoga de, chuir sacéadach air féin agus shuigh síos sa luaithreach.
Nuair a chuala Acháb na focail sin, stróic sé a chuid éadaigh agus chuir sacéadach lena chneas agus rinne sé troscadh; chodlaíodh sé sa sacéadach agus shiúladh sé de choiscéim mhall.
Crioslaigh thú féin i sacéadach, ó a iníon mo dhaoine, únfairtigh thú féin i luaithreach, déan olagón mar a dhéanfá ar son aonmhic, caoineadh róghéar. Óir tá an scriosadóir ag teacht go tobann orainn.
Tá seanóirí iníon Shíón ina suí ar an talamh ina dtost, luaithreach caite ar a gceann acu agus iad gléasta in éadach róin; tá a gceann cromtha go talamh ag maighdeana Iarúsailéim.
Ansin tiocfaidh prionsaí uile na farraige anuas óna ríchathaoireacha, bainfidh sibh díobh a gclócaí, cuirfidh uathu a n‑éide bhróidnéirithe. Gléasfaidh siad iad féin agus scanradh orthu; suífidh siad ar an talamh ag crith gan stad, agus uafás orthu mar gheall ortsa.
“Is mairg duit, a Chorazaín! is mairg duitse, a Bhéatsáidean! Óir, dá mba sa Tuíre agus i Síodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach.
“Is mairg duit, a Chorazáin! is mairg duitse, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus sa tSíodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu, iad in éadach saic agus ina suí sa luaithreach.