“Nuair a bhí mé i gcruachás, scread mé ar an Tiarna, agus thug sé cluas do mo ghuí; ó bhroinn an Bháis ghlaoigh mé ort agus d'éist tú le mo ghuth.
Ghabh tonnta an bháis i mo thimpeall, agus bhris tuilte urchóide i m'aghaidh.
Alleluia Tugaim grá agus taitneamh don Tiarna, toisc gur éist sé le mo ghuí;
toisc gur chrom sé chugam a chluas, nuair a ghaireas air.
Amhrán Oilithreach. 1 Ar an Tiarna a scairt mé nuair a bhí mé do mo bhuaireamh; agus d'éist sé liom.
Tá m'anam go buartha istigh ionam, is ort a bhím ag cuimhneamh ó thír na Iordáine, ó Hearmón, agus fós ó Shliabh Mizeár.
D'éirigh an t‑uisce os mo chionn agus dúirt mé: ‘Tá deireadh liom!’
Ghlaoigh mé ar d'ainm, a Thiarna, ó íochtar na carcrach doimhne.