Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Ióna 1:8

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt siad leis ansin: “Inis dúinn cé is ciontach leis an mí-ádh seo a theacht orainn. Cad é an fuadar atá fútsa? Cad as duit? Céard í do thír dhúchais? Cér díobh thú?”

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

“Cen ghairm bheatha atá agaibh?” arsa Forann lena dheartháireacha. Agus dúradar le Forann: “Is aoirí do shearbhóntaí dála ár n‑aithreacha romhainn.”

Admhaígí bhur bpeacaí dá chéile agus guígí ar son a chéile ionas go leigheasfar sibh; is mór í éifeacht urnaí dhúthrachtach an duine fhíréanta.

Ansin dúirt Iósua le hÁcán: “Tabhair glóir don Tiarna, Dia Iosrael, a mhic, agus mol é; inis dom a bhfuil déanta agat agus ná ceil aon ní orm.”

Dúirt Sól le Iónátán ansin: “Inis dom a bhfuil déanta agat.” “Ní dhearna mé,” arsa Iónátán, “ach béalóg mheala a ithe de bharr mo bhata a bhí i mo ghlaic agam. Seo anseo mé anois réidh don bhás.”

Ansin chuir Dáiví ceist air: “Cé leis thú?” ar sé, “agus cad as duit?” “Éigipteach óg mé,” ar sé, “daor le hAmailéiceach; d'fhág mo mhaistir ina dhiaidh mé mar gur buaileadh breoite mé trí lá ó shin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí