Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Ióna 1:4

An Bíobla Naofa 1981

Ach scaoil an Tiarna gaoth láidir amach thar an bhfarraige agus d'éirigh stoirm chomh mór sin gur dhóbair don long titim as a chéile.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Déanann sé a dtaitníonn leis ar neamh is ar talamh, ar muir agus in íochtar na farraige.

Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne; déanann sé fearthainn le saighneáin tine; tógann sé na gaotha as a n‑ionaid taisce.

A thine is a chloichshneachta, a shneachta is a cheobhrána, a anfaí gaoithe a chomhlíonann a bhriathar,

Shín Maois a shlat amach os cionn talamh na hÉigipte agus sheol an Tiarna gaoth anoir thar an talamh agus shéid sí an lá sin agus an oíche sin gan stad, agus leis an láchaint thug an ghaoth anoir na lócaistí.

Ansin chuir an Tiarna casadh sa ghaoth sa tslí gur shéid sí chomh tréan sin ón iarthar gur sciob sí léi na lócaistí agus iad a bhreith léi go Muir na nGiolcach. Níor fágadh oiread agus lócaiste i dtír na hÉigipte ar fad.

Shín Maois a lámh os cionn na farraige agus thiomáin an Tiarna an fharraige ar ais le gaoth láidir anoir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim den fharraige. Dheighil na huiscí óna chéile,

Shéid tú anáil, agus d'iaigh an fharraige orthu. Chuadar faoi mar luaidhe sna huiscí gáifeacha.

Nuair a dhéanann sé toirneach bíonn tormán uisce sna flaithis; tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún, déanann tintreach le haghaidh na fearthainne, agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.

Óir, féach, ba é a dhealbhaigh na sléibhte, a chruthaigh an ghaoth, a fhoilsíonn a smaointe don duine, a dhéanann [an chamhaoir agus an dorchadas], a shiúlann in áiteanna arda an domhain; is é an Tiarna, Dia na Slua, is ainm dó.

Ghabh gaoth amach ón Tiarna agus thiomáin sé gearga isteach ón bhfarraige agus thug anuas iad láimh leis an gcampa. Bhíodar ina luí ansiúd aistear lae, abair, ón gcampa, ina thimpeall ón dá thaobh, agus iad dhá bhanláimh ar airde ar an talamh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí