Ióna 1:3An Bíobla Naofa 1981D'éirigh Ióna ach bhí sé meáite ar theitheadh go Tairsís ó láthair an Tiarna. Chuaigh sé síos go Iopa, mar sin, agus fuair sé long ann a bhí ar tí dul go Tairsís; d'íoc sé an táille agus chuaigh sé ar bord chun taisteal go Tairsís i gcuideachta na foirne ó láthair an Tiarna. Féach an chaibidil |
Ghuigh sé chun an Tiarna mar a leanas: “Och ochón, a Thiarna! Nach é sin go díreach an rud a dúirt mé a tharlódh, nuair a bhí mé i mo dhúiche féin? Sin é an fáth ar theith mé faoi dheifir go Tairsís de chéaduair. Ba mhaith ab eol dom gur Dia truachroíoch agus trócaireach thú, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus gurb aithreachas duit an t‑olc.