Ióna 1:16An Bíobla Naofa 1981Dá thoradh sin tháinig eagla nár bheag ar an bhfoireann roimh an Tiarna; d'ofráil siad íobairt dó agus thug móideanna. Féach an chaibidil |
Mar sin de, d'agair siad an Tiarna agus ghlaoigh siad amach os ard: “Ná cailltear sinne, a Thiarna, toisc sinn a bheith páirteach i gcinniúint an fhir seo; ná cuir inár leith gur dhúnmharaíomar duine neamhchiontach; óir, is de réir mar a thogair tú féin amháin, a Thiarna, atá na cúrsaí seo mar atá siad.”