Ióna 1:13An Bíobla Naofa 1981Mar sin féin lean na mairnéalaigh leo ag rámhaíocht go tréan le súil go bhféadfaidís an long a thabhairt ar ais go dtí an mhórthír ach ba shaothar in aisce acu é, mar bhí an fharraige ag éirí níos stoirmiúla fós ina n‑aghaidh. Féach an chaibidil |
Mar sin de, d'agair siad an Tiarna agus ghlaoigh siad amach os ard: “Ná cailltear sinne, a Thiarna, toisc sinn a bheith páirteach i gcinniúint an fhir seo; ná cuir inár leith gur dhúnmharaíomar duine neamhchiontach; óir, is de réir mar a thogair tú féin amháin, a Thiarna, atá na cúrsaí seo mar atá siad.”