“Tógaigí suas mé,” ar seisean leo, “agus caithigí isteach san fharraige mé agus suaimhneoidh sí daoibh ansin. Óir is maith atá a fhios agam gur mise faoi deara an stoirm mhór seo a theacht oraibh.”
Nuair a chonaic Dáiví an t‑aingeal a bhí ag scrios an phobail, labhair sé leis an Tiarna: “Is mise a pheacaigh,” ar sé, “is mise a rinne an drochrud seo. Ach an tréad seo, cad atá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa mar sin, impím ort, agus ar mo chlann.”
Dúirt Dáiví le Dia: “Nach mise a thug an t‑ordú an pobal a áireamh? Mise a pheacaigh; is mise a rinne an drochrud seo. Ach na daoine seo, an tréad seo, cad tá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa, a Thiarna mo Dhia, agus ar mo chlann; ach téadh do phobal slán ón bplá.”
“Cad a dhéanfaimid leat,” d'fhiafraigh siad de ansin, “chun go suaimhneodh an fharraige dúinn?” Is amhlaidh a bhí an fharraige ag éirí níos stoirmiúla i gcónaí.
Mar sin féin lean na mairnéalaigh leo ag rámhaíocht go tréan le súil go bhféadfaidís an long a thabhairt ar ais go dtí an mhórthír ach ba shaothar in aisce acu é, mar bhí an fharraige ag éirí níos stoirmiúla fós ina n‑aghaidh.
agus dúirt sé liom: ‘Ná bíodh eagla ort, a Phóil, mar ní foláir duitse seasamh os comhair Chéasair, agus a bhfuil de dhaoine ag taisteal leat, féach, tá siad bronnta suas ort ag Dia.’
Sin é an fáth nach féidir le clann Iosrael seasamh in aghaidh a naimhde; thugadar droim lena naimhde mar go bhfuil siad féin tagtha faoin mbang. Ní fhanfaidh mé faraibh a thuilleadh mura ndéanfaidh sibh a bhfuil faoin mbang a dhíbirt as bhur measc.