Ná bíodh gairdeas ortsa, a Fhilistía go léir, de bharr gur briseadh an bata a bhíodh do do léasadh, óir as pór na péiste tiocfaidh nathair, agus a thoradh sin arís, beidh ina dhragan sciathánach.
Óir tá an lá tagtha ina scriosfar na Filistínigh uile, ina scoirfear ó Thuíre agus ó Shíodón a lucht taca ar fad. Sea, tá an Tiarna ag creachadh na bhFilistíneach, an fuíoll as Inis Chaftór.
Téigí amach as an mBablóin (sábháileadh an uile dhuine a anam); ná cailltear sibh féin ina tubaiste, óir is í seo uair dhíoltas an Tiarna. Tá sé ag cúiteamh a luaíochta léi.
Lá dorchadais agus doiléire! Lá scamall agus dúnéalta! Ar nós na camhaoire tá scaoth líonmhar láidir ag leathadh thar na sléibhte; ní raibh a leithéid ann riamh ná ní bheidh a leithéid ann arís go ceann na gcianta cairbreacha.
“Is mairg duit, a Chorazaín! is mairg duitse, a Bhéatsáidean! Óir, dá mba sa Tuíre agus i Síodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach.
“Is mairg duit, a Chorazáin! is mairg duitse, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus sa tSíodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu, iad in éadach saic agus ina suí sa luaithreach.
Liomsa an díoltas, agus an cúiteamh, i gcomhair an lae nuair a shleamhnóidh a gcos. Óir tá lá a scriosta in achmaireacht agus tá a dtubaiste ar sodar faoina ndéin.
Ansin chuir Iaftá teachtairí go rí na nAmónach á rá leis: “Cad é an t‑aighneas seo eadrainn a rá is gur tháinig tú chugam chun cogaidh a chur ar mo thír?”