Ionsaíonn siad an chathair, ritheann siad ar an mballa, dreapann siad suas ar na tithe agus déanann siad a mbealach isteach trí na fuinneoga ar nós gadaithe.
Leath na lócaistí ar thalamh na hÉigipte go léir agus luíodar ina screamh chomh trom sin ar chríocha na hÉigipte go léir nach bhfacthas saithí chomh tiubh leo riamh roimhe sin, agus nach ndéanfar go deo arís!
Líonfaidh siad do thithe agus tithe do shearbhóntaí go léir agus tithe na nÉigipteach go léir; ní fhaca d'aithreacha ná do shinsir a leithéid ón gcéad lá a chuireadar fúthu sa tír.’ ” Ansin d'iompaigh sé ar a sháil agus amach leis ó Fhorann.
Ní bhuaileann siad le chéile mar gluaiseann gach ceann díobh feadh a chasáin féin. Réabann siad leo ar aghaidh trí lár na ndiúracán i ranganna gan briseadh.
“Amen, Amen, a deirim libh, an té nach dtéann an doras isteach i gcró na gcaorach, ach a théann a mhalairt de bhealach isteach, is bithiúnach é sin agus robálaí.