Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Ióéil 2:7

An Bíobla Naofa 1981

Réabann siadsan leo ar aghaidh mar laochra láidre; amhail fir chogaidh dreapann siad an balla; téann gach ceann díobh ar aghaidh ina líne féin agus ní chlaonann siad óna raon.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Sól agus Iónátán an chumainn agus na scéimhe! Níor scaradh ó chéile iad beo ná marbh! Ba mhire iad ná na hiolair. Ba láidre ná na leoin.

Dúirt Dáiví an lá sin: “Cibé a bhuailfidh an Iabúsach agus a rachaidh an seoladán suas [gheobhaidh sé a luach saothair].” Maidir leis na daill agus na bacaigh, thug Dáiví fuath a anama dóibh. (Uaidh sin an seanfhocal: “Ní rachaidh na daill agus na bacaigh isteach sa Teampall.”)

de chlann Dhán: fiche ocht míle sé chéad, réidh chun catha;

Briseann sé mé mant ar mhant, Agus tugann ruathar fúm mar a dhéanfadh laoch.

cé go ngabhann a nglór i ngach uile thír agus a bhfocail go críocha imchiana na cruinne. Is iontu a chuir sé a bhoth don ghrian

Na lócaistí, níl rí orthu, ach máirseálann siad go léir faoi dhea-eagar.

Dreapaigí suas ar a sraitheanna: Scriosaigí! Críochnaígí ar fad í! Bainigí anuas di a briongláin, ní leis an Tiarna iad.

Ní bhuaileann siad le chéile mar gluaiseann gach ceann díobh feadh a chasáin féin. Réabann siad leo ar aghaidh trí lár na ndiúracán i ranganna gan briseadh.

Ionsaíonn siad an chathair, ritheann siad ar an mballa, dreapann siad suas ar na tithe agus déanann siad a mbealach isteach trí na fuinneoga ar nós gadaithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí