Ag scinneadh thar mhullaí na sléibhte dóibh déanann siad torann mar thormáil carbad nó mar chnagarnach lasracha ag ídiú coinligh nó mar arm cumhachtach faoi chóiriú catha.
Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go gcloisfear mórgacht a ghlóir, agus taispeánfaidh sé lascadh a láimhe, i bhfraoch a chuid feirge, i gceartlár tine craosaí, i séideán báistí agus clochshneachta.
Mar alpann na lasracha an coinleach agus mar a chailltear an cháith sa tine, is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreo agus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach, as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Slua agus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael.
troideann siad le bogha agus ga; tá siad cruálach, míthrócaireach; is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige tá siad ag marcaíocht ar eachra, tá gach fear acu in eagar catha i d'aghaidhse, a iníon na Bablóine.
Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”