Tabharfaidh mé daoibh a dhá oiread den mhéid a d'ith an lócaiste agus an preabaire agus an scriostóir agus an gearrthóir, m'arm mór a chuir mé in bhur n‑aghaidh.
agus clúdóidh siad aghaidh na talún i dtreo nach bhfaighidh aon duine radharc ar an talamh; alpfaidh siad a bhfuil fágtha agat tar éis an tsneachta agus alpfaidh siad gach crann leat dá bhfásann ar na bánta.
Neartóidh mé teaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé teaghlach Iósaef. Seolfaidh mé ar ais arís iad, mar táim tar éis trua a ghlacadh dóibh, agus beidh siad amhail is nár shéan mé riamh iad; óir, is mise an Tiarna, a nDia, agus éistfidh mé lena nguí.
Crosfaidh mé ar an lócaiste craosach bhur mbarra a mhilleadh oraibh agus an fhíniúin atá in bhur ngoirt a fhágáil neamhthorthúil, a deir Tiarna na Slua.