Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Ióéil 2:24

An Bíobla Naofa 1981

Tá na hurláir bhuailte lán d'arbhar agus na cantaoirí ag cur thur maoil le húrfhíon agus le hola nua.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

“A shléibhte Iosrael, fásfaidh bhur ngéaga agus tabharfaidh sibh torthaí ar son mo mhuintire, Iosrael, a fhillfidh go luath.

Tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh, agus íosfaidh sibh bhur sáith agus beidh seilbh agaibh ar bhur bhfearann beag beann ar chách.

Íosfaidh sibh bhur sáith d'fhómhar na bliana caite agus caithfidh sibh an sean amach chun slí a dhéanamh don nua.

“Féach, tiocfaidh na laethanta,” a deir an Tiarna, “nuair a thiocfaidh an treabhdóir suas leis an mbuannaí, agus fear brúite na bhfíonchaor suas leis an síoladóir; silfidh na sléibhte fíon milis a rithfidh ina slaoda ón uile chnoc.

Tugaigí na deachúna go léir isteach sa stóras ionas go mbeidh soláthar bia i mo theachsa; agus cuirigí promhadh orm ar an gcuma sin, a deir Tiarna na Slua, féachaint an osclóidh mé fuinneoga neimhe daoibh chun beannachtaí a dhoirteadh anuas oraibh go flúirseach fial.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí