Tamall tar éis na nithe sin tháinig briathar an Tiarna chun Abrám i bhfís á rá: “Ná bíodh eagla ort, a Abrám. Is mé do sciath; beidh luach saothair an-mhór agat.”
Déanadh an díthreabh agus tír an triomaigh lúcháir, bíodh gairdeas ar an ngaineamhlach agus é faoi bhláth; tagadh bláthanna air chomh tiubh leis an gcróch, déanadh sé gairdeas le gártha agus le ceol.
Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
A spéartha, liúirígí le háthas, mar tá an Tiarna i mbun gnímh. Scairtigí amach, a dhuibheagáin na talún! A shléibhte, ceolaigí le háthas, agus tusa freisin, a fhoraois, agus gach crann atá ionat! Óir tá an Tiarna tar éis Iacób a scaoileadh saor agus a ghlóir a fhoilsiú in Iosrael!
Ná bíodh eagla ort, mar ní thabharfar do náire; ná bí buartha, ní bhainfear lasadh asat níos mó. Óir déanfaidh tú dearmad ar náire d'óige agus ní bheidh cuimhne agat feasta ar mhíchlú do bhaintreachais.
Sea, imeoidh sibh amach faoi lúcháir agus tabharfar abhaile sibh slán sábháilte. Sléibhte agus cnoic, ligfidh siad gártha áthais romhaibh agus beidh crainn uile na tíre ag bualadh bos.
Seolfaidh mé an tuaisceartach i bhfad uaibh; tiomáinfidh mé go dtí talamh loiscneach lom é, a thosach go dtí Muir an Oirthir agus a dheireadh go dtí Muir an Iarthair agus éireoidh bréantas agus drochbholadh uaidh mar tá éachtaí oilc déanta aige.
“Íosfaidh sibh bhur ndóthain agus beidh sibh sách. Molfaidh sibh ainm an Tiarna, bhur nDia, a chaith chomh fial sin libh (agus ní náireofar mo phobal arís go deo).
“Óir, cuir an cheist seo dá bhrí sin chun na n‑aos a d'imigh tharainn agus a bhí romhat, ón lá a chruthaigh Dia an duine ar talamh: An raibh briathar riamh chomh maorga ó cheann ceann neimhe? Ar chualathas riamh a leithéid?