Éirigí as ofrálacha gan mhaith a thabhairt chugam; cuireann an toit atá uathu déistin orm. Féilte na ré nua, sabóidí, comhthionóil... ceiliúradh ná sollúntas níl dul agam a bhfulaingt níos mó.
Tharla sa chúigiú bliain de Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, sa naoú mí gur fógraíodh troscadh i bhfianaise an Tiarna don phobal uile in Iarúsailéim agus don phobal uile a thiocfadh go Iarúsailéim ó bhailte Iúdá.
Ordaígí troscadh! Fógraígí comóradh sollúnta! Bailígí le chéile, a sheanóirí, áitritheoirí uile na tíre, isteach i dteach an Tiarna, bhur nDia. Glaoigí air.
Séidigí an stoc i Síón! Tógaigí gártha rabhaidh ar mo shliabh naofa! Creathnaíodh áitritheoirí uile na tíre! Óir, tá lá an Tiarna ag teacht, tá sé in achmaireacht.