Ióéil 2:12An Bíobla Naofa 1981“Ach anois féin,” a deir an Tiarna, “filligí ormsa le lándúthracht bhur gcroí agus sibh ar troscadh agus ag gol agus ag olagón; Féach an chaibidil |
D'imigh teachtairí ó Iarúsailéim le litreacha ó lámha an rí agus a fheidhmeannach ó cheann ceann Iosrael agus Iúdá. Bhí orduithe acu ón rí á rá: “A chlann Iosrael, filligí ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Íosác, agus Iosrael, d'fhonn go gcasfadh sé arís ar an iarmhar díbh a d'éalaigh ó láimh ríthe na hAsaíre.
Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: “Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.”