Rinne siad léirscrios ar mo chuid fíniúna agus scéalp siad mo chrainn fígí; bhain siad an choirt go léir díobh agus leag iad; is bán iad a ngéaga anois.
Leath na lócaistí ar thalamh na hÉigipte go léir agus luíodar ina screamh chomh trom sin ar chríocha na hÉigipte go léir nach bhfacthas saithí chomh tiubh leo riamh roimhe sin, agus nach ndéanfar go deo arís!
Óir chlúdaíodar dromchla na talún ar fad i dtreo go raibh an talamh dubh leo; agus d'itheadar a raibh fágtha ag an gclochshneachta de ghlasraí san ithir agus de thorthaí ar na crainn; níor fhan aon ní glas, crann ná luibh sa bhán, ar fud chríocha na hÉigipte ar fad.
Déanfar slad air, agus beidh sé gan bearradh gan saothrú, agus sceacha agus driseacha ag fás air. Crosfaidh mé ar na néalta an fhearthainn a fhearadh air.
Ba mhaith liom dul a bhaint fómhair ann, a deir an Tiarna. Ach níl fíonchaora ar an bhfíniúin, ná figí ar an gcrann figí agus na duilleoga féin, tá siad feoite. Mar sin é óir thug mise sladairí orthu le slad a dhéanamh orthu.”
Tá an fhíniúin slabhctha agus an crann fígí ag meath. Tá an phomagránait agus an phailm agus an crann úll agus crainn uile na tíre seargtha agus an sult súite as croíthe na ndaoine.
Bhuail mé le loscadh gaoithe agus le bruth teasa sibh, bhánaigh mé bhur ngairdíní agus bhur bhfíonghoirt, mhill na lócaistí bhur gcrainn fígí agus bhur n‑ológa; ach níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.
Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth; ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna; rachaidh de thoradh an chrainn olóige; ní thabharfaidh na goirt aon bhia; ní fhágfar caora sa chró nó bó ar bith sa bhuaile.
Crosfaidh mé ar an lócaiste craosach bhur mbarra a mhilleadh oraibh agus an fhíniúin atá in bhur ngoirt a fhágáil neamhthorthúil, a deir Tiarna na Slua.