Ióéil 1:4An Bíobla Naofa 1981Cibé rud a d'fhág an gearrthóir d'alp an lócaiste é agus cibé rud a d'fhág an lócaiste d'alp an preabaire é agus cibé rud a d'fhág an preabaire d'alp an scriostóir é. Féach an chaibidil |
“Cuirigí an bratach ar foluain ar fud an domhain; séidigí an stoc i measc na náisiún, ullmhaígí na náisiúin ina haghaidh; gairigí ar na ríochtaí i gcionn a chéile ina héadan: Ararat, Minní, Aisceanáz; glaoigh rolla a naimhde, a cheannfoirt! Ordaígí don mharcshlua teacht suas, go colgach ar nós na lócaistí.