Cad é mar a chneadann na beithígh! Tá na sealbháin bó ar mire mar níl féarach ar bith acu; agus fiú amháin na tréada caorach féin tá aithne na héigne faighte acusan chomh maith.
Dúirt Acháb le hObaidiá: “Téanam, ní foláir dúinn an tír a chuardach idir thoibreacha agus ghleannta, le súil go bhfaighimis féar a choimeádfadh ár gcapaill agus ar miúileanna beo, agus nach gcaithfimis cuid dár stoc a mharú.”
(Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.) De bhrí go n‑abrann siad: “Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”
Dá dheasca sin triomóidh an tír agus meathlóidh a gcónaíonn inti, mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir; agus fiú amháin éisc na farraige féin, rachaidh siad i léig.
Fiú amháin beithígh an mhachaire féin tá siad ag tnúthán leat. Óir, tá na claiseanna uisce imithe i ndísc agus tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadh.
Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth; ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna; rachaidh de thoradh an chrainn olóige; ní thabharfaidh na goirt aon bhia; ní fhágfar caora sa chró nó bó ar bith sa bhuaile.