Tá cónaí air in airde os cionn roth na cruinne, agus a muintir sin ar nós dreoiliní teaspaigh. Leath sé amach na spéartha mar a bheadh brat iontu, spréigh sé amach iad ar nós both chónaithe.
Is amhlaidh a deir an Tiarna Dia, an té a chruthaigh na spéartha agus a spréigh amach iad, a phasáil amach an talamh agus a thug toradh ann, a chuir anáil sna daoine atá ina gcónaí air agus meanma sa dream a shiúlann é:
Is amhlaidh a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, an té a dhealbhaigh thú ón mbroinn i leith: Is mise, an Tiarna, a rinne an uile rud, a spréigh na spéartha amach ar mo chonlán féin. Chuir mé bun faoin talamh, agus cé bhí ag cuidiú liom?
Tá dearmad déanta agat ar an Tiarna a rinne thú, a spréigh na spéartha amach agus a chuir bun faoin talamh; agus tá crith ort i gcónaí agus gach uile lá roimh fhraoch an aintiarna agus é faoi réir le tú a scrios. Ach cá bhfuil sé, an fraoch seo an aintiarna?
Oracal. Briathar an Tiarna i dtaobh Iosrael. Is é seo a deir an Tiarna, an té a shín amach na flaithis agus a leag bunsraith na cruinne agus a chruthaigh spiorad an duine istigh ann:
Nuair a bhí cúig nó deich staid fichead d'fharraige curtha díobh acu, chonaic siad Íosa ag siúl ar an bhfarraige agus é ag teacht i gcóngar na loinge; agus tháinig scanradh orthu.