Óir réaltaí neimhe ina mbuíonta, ní chuirfidh siad a solas ag lonrú a thuilleadh; tiocfaidh smúit ar an ngrian ar éirí di, ní thabharfaidh an ghealach a solas níos mó.
Óir, féach, ba é a dhealbhaigh na sléibhte, a chruthaigh an ghaoth, a fhoilsíonn a smaointe don duine, a dhéanann [an chamhaoir agus an dorchadas], a shiúlann in áiteanna arda an domhain; is é an Tiarna, Dia na Slua, is ainm dó.
“Tar éis trioblóid na laethanta sin, ní fada go ndorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a soilse, agus titfidh na réaltaí ón spéir, agus beidh cumhachta na bhflaitheas ar crith.
Ansin labhair Iósua leis an Tiarna an lá céanna ceannann a thug an Tiarna na hAmóraigh ar láimh do chlann Iosrael; chan Iósua i láthair chlann Iosrael: “A ghrian, fan socair os cionn Ghibeón, Agus, a ghealach, os cionn Ghleann Aiálón.”
Agus d'fhan an ghrian socair agus an ghealach ina stad, Nó go raibh díoltas déanta ag an bpobal ar a naimhde. Nach bhfuil seo scríofa i Leabhar na bhFíréan? D'fhan an ghrian ina stad i lár na spéire agus chuir moill ar a dul faoi ar feadh lae iomláin, geall leis.