Dá nífinn mé féin le huisce sneachta, Agus mo lámha a ghlanadh le buac,
Má chuaigh mo chos i leataobh ón mbealach, Nó má lean mo dhúil mo shúil, Nó má thóg mé aon ní i mo ghlac,
Agus ceist a chur air: “Cad é sin duitse? Cén dochar duitse é má dhéanaimse peaca?”
Ansin do thumfá mé sa cheachair, Agus ba ghráin le mo chuid éadaigh féin mé.
Ním mo lámha san ionracas, a Thiarna, agus gabhaim mórthimpeall d'altóra.
Croith orm hiosóip agus glanfar mé; nigh mé agus is gile mé ná an sneachta.
Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.
Bíodh go nífeá thú féin i mbuac agus go dtógfá chugat mórán gallúnaí, bhraithfinn ina dhiaidh sin sal do choire - is é an Tiarna Dia a labhraíonn.
Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?
Mar nuair nár aithin siad fíréantacht Dé ach iad ag iarraidh a bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad d'fhíréantacht Dé.
Má deirimid nach bhfuil aon pheaca orainn meallaimid sinn féin agus níl an fhírinne ionainn.