Dá mb'áil leis conspóid a dhéanamh leis Ní fhéadfadh sé freagra as an míle a thabhairt air.
Déarfaidh mé le Dia: Ná daor mé! Ach cuir in iúl dom an chúis atá agat i m'aghaidh.
Cé rachaidh chun aighnis liom? Mar is gearr go mbeidh mé i mo thost agus in éag.
Cad ab áil leat ag gearán faoi Nár fhreagair sé thú, focal ar fhocal.
Óir ní dhearna sé coinne d'aon duine Le dul i láthair Dé i mbreithiúnas.
An bhfuil céile comhraic an Uilechumhachtaigh ar tí géilleadh? An bhfuil freagra tagtha chun an té atá ag áiteamh le Dia?
Aon uair amháin a labhair mé, agus ní [labhróidh mé] athuair. Arís eile ní dhéanfaidh mé a thuilleadh.
Nach lú ná sin fós a d'fhéadfainnse freagra a thabhairt air, Agus mo bhriathra a roghnú ina aghaidh?
Cé go mbeinn sa chóir, dhaorfaí as mo bhéal féin mé; Dá mbeinn gan choir, d'áiteodh sé coir orm.
Múineann siad eolas do do ghiolla; is cúis luaíochta a gcomhlíonadh.
A Thiarna, ná coinnigh do thruamhéil uaim go brách. Go ndéana do bhuanghrá agus d'fhírinne mo chaomhnú choíche.
Airiú, cé hé tusa, a dhuine, le bheith tagarthach le Dia? An ndéarfaidh an pota leis an bpotadóir: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh mar seo?”
Má deirimid nach bhfuil aon pheaca orainn meallaimid sinn féin agus níl an fhírinne ionainn.
Óir gur treise é Dia ná ár gcroí-ne agus is feasach dó an uile ní.