Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 9:28

An Bíobla Naofa 1981

Tagann eagla mo phianta go léir sa mhullach orm, Mar tá a fhios agam nach nglacfaidh tú liom mar neamhchiontach.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Dá ndéanfainn peaca, súil a choinneáil orm Agus gan mo choir a mhaitheamh dom.

Óir dhéanfá mo chéimeanna a ríomhadh Agus ní bheifeá ag faire mo locht.

Dá labhróinn ní bheadh laincis ar mo dhoilíos; Dá scorfainn ní fhágfadh sé mé.

Ní gá dom ach cuimhneamh agus tagann uafás orm, Agus bím ar ballchrith.

An rud is baol liom, tagann sé i gcrích orm; An rud is eagal liom, titeann sé sa mhullach orm.

Tá sé ag fáil leithscéalta i m'aghaidh, Agus do m'áireamh mar namhaid.

Cad chuige nach dtógann tú mo pheaca ar shiúl Agus mo choir a mhaitheamh dom? Óir is gearr go luífidh mé sa chré; Agus lorgóidh tú mé, ach ní bheidh mé ann chuige.

Is eol dom go deimhin gurb amhlaidh atá; Agus conas is féidir do dhuine bheith fíréanta os comhair Dé?

Scanraíonn mo cholainn le corp eagla romhat; agus is eagal liom do reachtanna.

Má fhéachann tú ár gcionta, a Thiarna, a Thiarna, cé rachaidh slán?

Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí