Shléacht Abrahám go talamh agus gháir agus dúirt ina chroí: “An mbéarfar mac don té atá céad bliain d'aois? An mbeidh leanbh ag Sárá agus í nócha bliain d'aois?”
Is é cúis faoinar tháinig mé le labhairt ar an ábhar seo le mo thiarna an rí, mar gur chuir daoine eagla orm, agus rith sé le d'ionailt: ‘Labhróidh mé leis an rí; b'fhéidir go ndéanfadh an rí mar a iarrfaidh a ionailt air.
Go ndéana briathra mo thiarna an rí,’ a dúirt mé liom féin, ‘mé a chur chun suaimhnis. Mar tá mo thiarna an rí ar aon dul le haingeal Dé ag scagadh olc agus maith.’ Go raibh an Tiarna do Dhia leat!”