Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. “Cén freagra,” ar sé, “a mholfadh sibh ba chóir dom a thabhairt ar an muintir seo?”
Cuimhnigh ar na laethanta a bhí, agus machtnaigh ar na blianta ó ghlúin go glúin. Cuir ceist ar d'athair agus tabharfaidh sé fios duit agus ar do sheanóirí agus cuirfidh siad ar an eolas thú.
“Óir, cuir an cheist seo dá bhrí sin chun na n‑aos a d'imigh tharainn agus a bhí romhat, ón lá a chruthaigh Dia an duine ar talamh: An raibh briathar riamh chomh maorga ó cheann ceann neimhe? Ar chualathas riamh a leithéid?