Cuireadh sé gualainn lena theach agus ní sheasóidh sé. Leagadh sé lámh air, ach ní mhairfidh sé.
Scuabfar é óna bhoth mar ar bhraith sé slán sábháilte. Agus tabharfar é i láthair rí na n‑uafás.
Thog sé nead damhán alla dó féin, Agus seantán fhear faire.
Beidh náire mar bhrat ar lucht d'fhuatha Agus rachaidh both na gcoirpeach ar ceal.
Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile. Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé; agus meathfaidh mian an urchóidigh.
Feiceann sé an saoi agus an daoi ar lár agus a maoin ag daoine eile ina ndiaidh.
Suáilceas ar fad é dóchas na bhfíréan, ach rachaidh meath ar dhóchas an urchóidigh.
Scriosfar teach an urchóidigh, ach beidh áitreabh an fhíréin faoi bhláth.
Tá áthas oraibh faoi Ló Dabár; “Nach lenár neart féin a ghabhamar Carnáim?” a deir sibh.
Scaoilfidh mé an mhallacht seo uaim amach, a deir Tiarna na Slua, agus rachaidh sí isteach i dteach an ghadaí agus i dteach an duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse. Fanfaidh sí i lár a thí agus scriosfaidh sí é idir adhmad agus chlocha.”