Staith iad agus iad fós i mbarr a nglaise, Mar is túisce a fheonn siad ná aon lusra.
Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh.
An bhfásann an phaipir gan bhogach? An mbláthaíonn geitirí gan uisce?
A dhála sin ag cinniúint lucht dearmaid Dé, Agus mar sin a théann dóchas an choirpigh ar ceal
beidh boladh bréan ó na díogacha, agus srutháin na Níle ag titim agus ag triomú. Seargfaidh na feagacha agus na giolcacha,
Is cosúil é le grágán tóir san fhásach; má thagann maith ní fheiceann sé í; cuireann sé faoi in áiteanna dóite an fhásaigh, i bhfearann saillte atá gan áitreabh.
An duine a ghlac an síol ar na creaga, sin é an duine a chluineann an briathar agus a ghabhann chuige le háthas é láithreach,
“Mar tá an uile fheoil mar an bhféar, agus níl ina glóir go léir ach mar bhláth an fhéir;