Trí chreideamh d'ofráil Áibil íobairt níos fearr ná íobairt Cháin. Dá bharr sin dearbhaíodh dó go raibh sé ina fhíréan mar thaispeáin Dia go raibh sé sásta lena thabhartais. Agus de thairbhe a chreidimh tá sé ag labhairt linn go fóill cé go bhfuil sé marbh.
Ar an ábhar sin, ós rud é go bhfuil slua chomh mór sin d'fhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall, caithimis uainn gach ualach mar aon leis an bpeaca sin a ghreamaíonn dínn agus rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn.