Fainic! Ní fada go siúla do chosa féin gan bhróga, go mbeidh do theanga féin ina spalladh le tart. Ach dúirt tú: ‘Nach cuma? Óir táim i ngrá le strainséirí agus is ar a lorg siúd a rachaidh mé.’
Cuimhnígí go raibh sibh an uair úd ar deighilt ó Chríost, nach raibh aon chuid agaibh i stát Iosrael ná aon pháirt agaibh sna conarthaí ná sna gealltanais, go raibh sibh gan dóchas sa saol agus gan Dia féin.
Mar bíonn teas loiscneach sa ghrian nuair a éiríonn sí agus seargann sí an féar; titeann a bhláth agus téann a mhaise in éag. Sé an dála céanna ag an bhfear saibhir é, rachaidh sé in éag i lár a chúraimí.
Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin.
Dá bhrí sin cuirigí bhur n‑aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost.