I mo luí dom deirim: “Cá huair a thiocfaidh an lá?” Ar m'éirí dom deirim arís: “Cá huair a thiocfaidh an oíche?” Agus bím do mo chiapadh go comhrac lae agus oíche.
Déarfaidh tú ar maidin: ‘Uch, nach é an tráthnóna é!’ agus tráthnóna: ‘Uch, nach bhfuil sé ina mhaidin!’ de bharr an scanradh a bheidh ar do chroí agus na radhairc a fheicfidh tú le do shúile cinn.