Is amhlaidh a dátaíodh dom míonna mairge gur gearradh amach dom oícheanta buartha.
Anois ghoin mo chara cumainn mé Agus ciapann mo chuideachta go léir mé.
Comhlíonfaidh sé cibé rud a shocraigh sé dom, Dála a lán beartas eile atá socair aige.
Uch nach bhfuil an scéal agam mar a bhí sna míonna atá thart, Agus sna laethanta ina raibh Dia i mo chúram.
Mar dhaor a shantaíonn an scáth, Agus mar amhas a iarrann luach a shaothair.
Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach, nocht dom líon mo laethanta, ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.
Óir níl cuimhne ag aon neach ort i measc na marbh; cé a thabharfaidh moladh duit san uaigh?
Tá tuirse orm de dheasca m'osnaíola, ním mo leaba le mo dheora gach oíche; fliuchaim mo tholg le huisce mo chinn.
Agus chonaic mé na gníomhartha uile a dhéantar abhus faoi luí na gréine; agus féach, níl iontu go léir ach baois agus tóraíocht gaoithe.