Cad tá sa duine le go ndéanfá mór níos fiú de? Nó go dtógfá ceann de?
An ar a leithéid sin a leagann tú do shúil Agus a thugann tú le breith a thabhairt air os do chomhair?
An féidir d'aon duine tairbhe a dhéanamh do Dhia Le go ndéanfadh an t‑eagnaí tairbhe dó?
Nach lú ná sin an duine, nach bhfuil ann ach cruimh, Agus mac an duine, nach bhfuil ann ach péist.
An mé an Mhuir nó an Ollphiast A rá is go gcuirfeá lucht faire i mo chúram?
A Thiarna, cad é an duine go dtógfá ceann de, nó mac an duine go mbeadh meas agat air?
Nuair a fheicim na spéartha, saothar do mhéar - an ré agus na réaltaí a rinne tú -
cad is duine ann go dtógfá ceann de? ná mac an duine go ndéanfá cúram de?
Thug duine éigin dearbhú dúinn air seo áit éigin, á rá: “Cad é an duine go mbeadh cuimhne agat air nó mac an duine go ndéanfá cúram de?
(Seanfhocal le sinsireacht é: ‘Tagann an urchóid ón duine urchóideach,’ ach ní leagfaidh mise lámh ort.)