Dúirt Ribeacá ansin le hÍosác: “Táim cortha den saol de bharr iníonacha Héat. Má phósann Iacób ceann d'iníonacha Héat, mar iad seo, duine de mhná na tíre seo, cén tairbhe dom a bheith beo feasta?”
Chuaigh sé féin ar aghaidh turas lae isteach san fhásach, agus shuigh faoi thor aitinn agus d'iarr go bhfaigheadh bás. “A Thiarna,” ar sé, “tá mo sháith agam. Beir leat m'anam. Ní fearr mé ná mo shinsir.”
Éist le mo ghuí agus le m'urnaí, a Thiarna, ná tabhair cluas bhodhar do mo ghlao. Óir is aoi mé atá ag baint fúm agatsa i m'oilithreach ar nós m'aithreacha go léir.
Óir ní choinneofar buanchuimhne ar an saoi ach oiread agus a choinneofar ar an daoi; mar sna laethanta atá le teacht déanfar dearmad orthu araon gan mhoill. Faraor, conas is féidir go sciobann an bás an saoi agus an daoi leis le chéile!”
Nuair a d'éirigh an ghrian, shocraigh Dia go n‑éireodh gaoth loiscneach anoir; rud eile, bhí an ghrian ag doirteadh anuas ar chloigeann Ióna sa chaoi gur tháinig laige air agus gur ghuigh sé go bhfaigheadh sé bás, á rá: “Is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”