Bhí buairt ar Fhorann ar maidin agus chuir sé fios ar lucht asarlaíochta agus feasa uile na hÉigipte; d'inis Forann a thaibhreamh dóibh, ach ní raibh aon duine a d'fhéadfadh é a mhiniú d'Fhorann.
I mo luí dom deirim: “Cá huair a thiocfaidh an lá?” Ar m'éirí dom deirim arís: “Cá huair a thiocfaidh an oíche?” Agus bím do mo chiapadh go comhrac lae agus oíche.
Ach le linn dó bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m'fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.”