Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t‑olc lucht a dhéanta.
Ach anois deir sé: “I gcionn trí bhliain, ag áireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, beidh maise agus mórgacht Mhóáb ina ndíol tarcaisne d'ainneoin líon a mhuintire, agus beidh a bhfuílleach tearc, tanaí, gan acmhainn.”
“Gabh agus abair le Hiziciá: Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Tá d'urnaí cloiste agam agus do dheora feicthe agam. Tá mé chun tú a leigheas; faoi chionn trí lá, rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna. Cuirfidh mé cúig bliana déag le do shaol.
“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh, go bhfuil a peaca maite, go bhfuair sí ó láimh an Tiarna pionós faoi dhó ina cionta go léir.”
I gcomhairle le fear a cheannaithe, déanadh sé líon na mblianta ó bhliain a dhíolta go bliain na hiubhaile a áireamh; ní foláir méid na táille fuascailte a mheas de réir líon sin na mblianta; déantar an t‑am a bhíonn tugtha aige dá mháistir a thomhas de réir tuarastal fostaí.
Ná meas go bhfuil sé dian ort go gcaitheann tú é a scaoileadh saor; is fiú a dhá oiread le fostúch é agus tá seirbhís sé bliana déanta aige duit. Déanfaidh an Tiarna do Dhia a bheannacht a chur ort ansin i saothar uile do lámh.